Scéalta scríofa ag Nuacht24

Maraíodh na scórtha i gcaismirtí a mhair feadh an lae inniu in Fallujah, Ramadi agus roinnt ceantracha eile san Tríatán Sunni san Iaráic. Inné ghabh trodairí Sunni, go leor acu i ngrúpaí atá ceangailte le Al Qaeda, ghabh siad roinnt ceantracha agus bailte, scrios beairicí na bpéas, shaoraigh cimí agus chuir cogadh ar phéas agus […]

Beirt cúisithe, triúr á gceistiú faoi eachtra inar maraíodh fear

Ba é Dale Creighton é an fear a fuair bás inniu. i ndiaidh dó a bheith buailte go dona in eachtra i dTamhlacht Lá na Bliana Úire. Deir na Girtardaí go raibh suas le seisear páirteach san eachtra. Cúisíodh beirt ar maidin as a bheith páirteach in eachtra fornirt agus tá triúr eile á gceistiú. […]

Bliain úr mhór mhaith agaibh in 2014!

Teip na gcainteanna ó thuaidh – páipéar Hass ar fáil

Seo é an dreachtpháipéar a bhí curtha le chéile ag deireadh na gcainteanna a bhí faoi stiúir Richard Hass agus Megan O’Sullivan ó thuaidh – http://t.co/GI3mPMKtKH. Cé gur iarr Richard Hass, toscaire Mheiriceánach, agus Megan O’Sullivan ar na páirtithe ar fad toscairí a chur ann a bheadh in ann cinneadh a dhéanamh gan dul ar […]

Nollaig Shona ó Nuacht24

Oíche na Nollag   Le coinnle na n-aingeal tá an spéir amuigh breactha Tá fiacail an tseaca sa ghaoth ón gcnoc Adaigh an tine is téig chun na leapa Luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.     Fágaidh an doras ar leathadh ina choinne An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a […]

Teachtaireacht an Uachtaráin don Nollaig agus don Bhliain Nua

Féach – http://www.president.ie/uncategorized/teachtaireacht-na-nollag-agus-na-hathbhliana-2013/

www.goitse.org – Goitse ar líne – ar fheabhas!

Beart de réir briathair déanta ag lucht Goitse. Féach an chéad eagrán den Goitse nua ag www.goitse.org

Mikhail Kalashnikov marbh in aois 94 bliain

Tá an fear a rinne an raidhfil is iomráití ar an domhan, Mikhail Kalashnikov I ndiaidh a bháis. Bhí sé 94 bliai d’aois. Rinne sé an raidhlif Kalashnikov in 1947, raidhfil a bhí iontach feidhmiúil, simplí agus dá tharibhe a shimplíochta, saor. Ar na buntáistí eile a bhain leis bhí sé furasta a iompar ina píosa […]

Drochaimsir chugainn idir seo agus Lá Stiofáin

Dar le Met Éireann go bhfuil stoirm mhór amuigh san Aighean Atlantach chun teacht I dtír anocht go mall ach níl siad cinnte go fóill cén áit go díreach a thiocfaidh sé o dtír. Gaoth mhór ar ardluas is nirt mar aon le treascadh mór fearthainn atá geallta agus dar le lucht tuartha na haimsire […]

Bás John Ghráinne

John Phadaí Hiúdaí, John Ghráinne Ó Duibheannaigh. Gael mór ar shlí na fírinne! Suaimhneas síoraí d’anam uasal agus go dtuga Dia solas agus aoibhneas na bhflaitheas dó.

Tráchtanna is Déanaí

  • Séamus Macseáin Béal Feirste on
  • An tAstrálach on
  • An tAstrálach on
  • Fearm on
  • Séamus Macseáin Béal Feirste on
© Nuacht24